Cláraigh do tháirge agus faigh tacaíocht ag www.philips.
Clár Ábhar 1 2 3 4 5 GA Tábhachtach 3 Sábháilteacht Cúram Dlíthiúil Inbhuanaitheacht Cabhair agus tacaíocht 3 4 5 7 8 Úsáid do theilifíseán 10 Rialuithe teilifíseáin Féach ar teilifís Féach eolaire na gclár Seinn comhaid ilmheáin Smart TV Teilifís idirghníomhach 10 12 16 17 20 22 Do theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid 24 Pause TV Seónna teilifíse a thaifeadadh Bain úsáid as Skype™ Cluichí a imirt Féach ar Teilithéacs Socraigh glais agus amadóirí 24 25 28 31 32 33 Pictiúr agus fu
• Sábháilteacht Réamhchúraimí Léigh agus bí cinnte go dtuigeann tú gach treoir sula n-úsáideann tú do theilifíseán. Má dhéantar damáiste toisc nach leantar na treoracha, ní bheidh feidhm leis an mbaránta. Riosca turrainge leictrí nó dóiteáin! • Ná nocht an teilifíseán riamh do bháisteach ná d'uisce. Ná cuir gabhdán ina bhfuil leacht, vása mar shampla, in aice an teilifíseáin riamh. Má dhoirtear leacht ar an teilifíseán nó isteach ann, dícheangal an teilifíseán láithreach den asraon cumhachta.
Riosca gortaithe do leanaí! Déan na réamhchúraimí seo ionas nach dtitfidh an teilifíseán, rud a d'fhéadfadh gortú a dhéanamh do leanbh: • Ná cuir an teilifíseán riamh ar dhromchla ar a bhfuil éadach nó ábhar eile a d'fhéadfaí a tharraingt. • Bí cinnte nach mbíonn aon chuid den teilifíseán ag gobadh amach ón dromchla. • Ná cuir teilifíseán riamh ar mhír ard troscáin, ar nós leabhragáin, gan an mhír troscáin agus an teilifís araon a dhaingniú den bhall nó de thaca oiriúnach.
Tá slota slándála Kensington suite i mbun an teilifíseáin. Chun an teilifíseán a dhaingniú, ceannaigh glas frithghadaíochta Kensington (a dhíoltar mar mhír ar leith). Téarmaí an bharánta • Riosca gortaithe, damáiste don teilifíseán nó cealú baránta! Ná déan iarracht riamh an teilifíseán a dheisiú tú féin. • Bain úsáid as an teilifíseán agus as na hoiriúintí ar an tslí a cheap an déantóir agus ar an tslí sin amháin. • Dlíthiúil Fógra 2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach ceart ar cosaint.
Tá sé i measc phríomh-Phrionsabail Ghnó Philips gach beart riachtanach sláinte agus sábháilteachta a dhéanamh maidir lenár dtáirgí, chun géilleadh do gach riachtanas dlíthiúil is infheidhme agus chun bheith go maith laistigh de chaighdeáin na Réimse Leictreamaighnéadaí is infheidhme an tráth a tháirgtear na táirgí. Geallann Philips táirgí nach mbeidh aon drochthoradh acu ar an tsláinte a fhorbairt, a tháirgeadh agus a chur ar an margadh.
Trádmharc de chuid Skype Limited nó a chuideachtaí gaolmhara is ea Skype. Táirgí Deiridh PlayReady Baineann úinéirí inneachair úsáid as teicneolaíocht rochtana inneachair Microsoft PlayReady™ chun a gcuid maoine intleachtúla, lena n-áirítear inneachar faoi chóipcheart, a chosaint. Baineann an gléas seo úsáid as teicneolaíocht PlayReady chun teacht a fháil ar inneachar faoi chosaint PlayReady agus/nó inneachar faoi chosaint WMDRM.
• Bainistíocht cumhachta: Cabhraíonn ardbhainistíocht cumhachta chun an fuinneamh a ídíonn an teilifíseán seo a laghdú. Chun féachaint ar an tionchar atá ag do shocruithe pearsantaithe teilifíse ar ídiú cumhachta coibhneasta an teilifíseáin, brúigh , ansin roghnaigh [Cumraíocht] > [Féach ar fhíseáin taispeána] > [Físeán taispeána Active Control]. Tá cadhnraí atá clúdaithe ag Treoir Eorpach 2006/66/CE i do tháirge, agus ní féidir iad a dhiúscairt le do ghnáthdhramhaíl teaghlaigh.
Gaeilge Seo rudaí eile is féidir a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin Philips: • Freagraí a fháil ar Cheisteanna Coitianta (CC) • Leagan inchlóite PDF den lámhleabhar seo a íoslódáil • Ceist ar leith a chur orainn i r-phost • Labhairt ar líne le Philips Consumer Care (ar fáil i dtíortha áirithe amháin) Bain úsáid as treoir nascachta Philips Sa treoir shoiléir seo ar nascacht, gheobhaidh tú treoir faoin tslí le do theilifíseán a cheangal le gléasanna eile. Téigh chuig http://www.connectivityguide.philips.com.
2 Úsáid do theilifíseán Braiteoirí agus táscairí Rialuithe teilifíseáin Rialuithe cúil Le haghaidh PFL4xx8 1. Braiteoir cianrialaithe Dírigh an cianrialtán ar an mbraiteoir. Bí cinnte nach bhfuil aon rud sa bhealach ar an líne amhairc idir an cianrialtán agus an teilifíseán. 1. (Fuireachas): Cuir an teilifíseán ann nó as. 2. CH +/-: Athraigh go dtí an chéad chainéal eile nó an cainéal roimhe. 3. (SOURCE): Féach ar ghléas ceangailte. 4. +/- (Airde): Méadaigh nó laghdaigh an airde. Le haghaidh PFL3xx8 1.
Gaeilge Cianrialú 1. (Fuireachas): Cuir an teilifíseán ann nó ar fuireachas. 2. Cnaipí seanma: Rialaigh athsheinm na gcomhad ilmheáin. 3. SOURCE: Féach ar ghléas ceangailte. 4. TREOIR: Féach eolaire na gclár. 5. EXIT: Imigh as roghchláir nó as feidhmeanna teilifíse. 6. (Baile): Tar ar an roghchlár Baile. 7. OK: Deimhnigh iontráil nó rogha. 8. SMART TV: Tar ar Smart TV. 9. (Cnaipí nascleanúna): Déan nascleanúint trí roghchláir agus roghnaigh míreanna. 14.
Cianrialú scáileáin Slí eile le gléasanna cumasaithe ceangailte HDMI-CEC a rialú ná trí chnaipí eile a gheofar ar an gcianrialú scáileáin. Bí cinnte go gcuirtear EasyLink ann tar éis ceangal. Léigh tuilleadh mar gheall ar Easylink i Ceangail do theilifís > Cumraigh gléasanna Easylink > Rialaigh gléasanna (Lch 55). Chun teacht ar an gcianrialú scáileáin 1. Agus tú ag féachaint ar ghléas ceangailte, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Taispeáin cianrialú], ansin brúigh OK. 3.
Athraigh cainéil teilifíse Gaeilge Uathmhúchadh Is féidir fuinneamh a spáráil le socruithe tíosach ar fhuinneamh an teilifíseáin seo, socruithe atá cumasaithe de réir réamhshocrú. Mura ndéanann úsáideoir gníomh (ar nós cnaipe cianrialtáin nó rialú ar an teilifíseán a bhrú) ar feadh ceithre huaire an chloig, rachaidh an teilifíseán ar fuireachas sa ghnáthchúrsa. Chun múchadh uathoibríoch a dhíchumasú 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas ar an gcianrialtán. 2.
Bainistigh liostaí cainéal Nuair a bheidh na cainéil suiteáilte, beidh tú ábalta: • Cainéil a scagadh. • Athrú idir cainéal aeróige agus cainéal cábla. • Cainéil a athainmniú. • Cainéil a chur in ord nua. • Cainéal a ghlasáil. • Éisteacht le raidió digiteach. Cainéil a scagadh 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST. 2. Brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Scag]. 3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK. [Digiteach + Analógach]: Taispeáin gach cainéal sa liosta cainéal.
Féach ar ghléasanna ceangailte Ní mór an gléas a cheangal den teilifís sular féidir féachaint air. Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail gléasanna (Lch 46). Roghnaigh gléas le SOURCE 1. Brúigh SOURCE. 2. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK. Roghnaigh gléas ón roghchlár Baile 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Foinse], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh an gléas, ansin brúigh OK. • • • • [Caighdeánach]: Réamhshocruithe a oireann do gach timpeallacht agus do gach cineál físeáin, nach mór.
• • • • • [Forzúmáil]: Bain na barraí dubha ar thaobhanna craoltaí 4:3. Ní mholtar é le haghaidh HD ná PC. [Leathnaigh scannán 16:9]: Scálaigh formáid 4:3 go 16:9. Ní mholtar é le haghaidh HD ná PC. [Scáileán leathan]: Taispeánann sé inneachar scáileán leathan gan é a bheith sínte. Ní mholtar é le haghaidh HD ná PC. [Díscálaithe]: Soláthair a mhéid sonraí is féidir le haghaidh PC. Ní bhíonn sé ar fáil ach amháin nuair a roghnaítear mód PC sa roghchlár Pictiúr.
• • • • • • • [Taifead]: Socraigh taifeadadh sceidealta. [Aithin cainéal]: Tabhair eolas cainéil chun dáta de láimh. [Roghnaigh lá]: Roghnaigh an lá taispeána. [Taifeadadh láimhe]: Socraigh taifeadadh láimhe. [Athlódáil leathanach]: Athnuaigh an leathanach taispeána. [Zúmáil]: Athraigh leibhéal zúmála an leathanaigh taispeána. [Eolas slándála]: Taispeáin eolas slándála cláir.
Seinn comhaid 1. Brúigh SOURCE. 2. Roghnaigh [Brabhsáil líonra], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh comhad ón mbrabhsálaí inneachair, ansin brúigh OK chun an tseinm a thosú. 4. Brúigh na Cnaipí seanma chun an tseinm a rialú. 5. Roghnach: Chun freastalaí meán eile a roghnú, roghnaigh [Freastalaí meán] Leideanna: • Roghnaigh an barra uachtarach chun do chomhaid a scagadh de réir cineáil. • Roghnaigh [Sórtáil] chun na comhaid a shocrú de réir ainm an albaim, de réir ealaíontóra nó de réir réimsí eile.
Éist le ceol 1. Roghnaigh sa bharra uachtarach. 2. Roghnaigh rian, ansin brúigh OK. 3. Roghnach: Chun gach rian i bhfillteán a sheinm, roghnaigh rian, ansin roghnaigh [Seinn gach ceann]. • Chun dul go dtí an chéad rian eile nó an rian deireanach, brúigh CH+ nó CH-. • Brúigh OK chun an rian a chur ar sos. Brúigh OK arís chun an tseinm a atosú. • Chun dul ar aghaidh nó siar 10 soicind, brúigh nó . • Chun cuardach ar aghaidh nó siar, brúigh nó . Brúigh arís agus arís eile chun scoránú idir luasanna difriúla.
Cláraigh an teilifíseán Mura bhfuil an teilifíseán gníomhachtaithe nuair a thosaíonn tú ag athsheinm físeán DivX ar cíos, taispeánfaidh an teilifís an cód clárúcháin DivX a theastaíonn chun an teilifíseán seo a ghníomhachtú. Lean na céimeanna seo a leanas chun clárú. 1. Nuair a thaispeánann an teilifís an cód clárúcháin 8 ndigit nó 10 ndigit, scríobh síos an cód agus téigh chuig http://vod.divx.com. 2. Íoslódáil bogearraí an tseinnteora DivX ar do ríomhaire agus déan na bogearraí a shuiteáil. 3.
Tosaigh Smart TV 1. Brúigh SMART TV. Taispeántar na téarmaí agus na coinníollacha. 2. Lean na treoracha ar an scáileán chun an clárú a chríochnú. Nóta: An chéad uair a thosaíonn tú Smart Tv, iarrfar ort an dteastaíonn uait rialú tuismitheora a chumasú chun feidhmchláir do dhaoine fásta a ghlasáil. Má dhéanann tú feidhmchlár do dhaoine fásta a ghlasáil, beidh fógraí agus leathanaigh Ghréasáin nár oiriúnaíodh do Smart TV le feiceáil i gcónaí.
Faigh físeáin ar líne ar cíos An méid a bheidh uait • Bí cinnte go bhfuil do theilifíseán ceangailte den Idirlíon trí cheangal ardluais leathanbhanda. Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de líonra agus den Idirlíon (Lch 57). • Ceangail mearóg USB, 4 GB ar a laghad, den teilifíseán. Teastóidh mearóg chuimhne, 8 GB ar a laghad, chun físeáin ardghléine a sheinm. Nóta: Is féidir gléas aonair stórála a úsáid, leis, chun físeáin a thaifeadadh, a chur ar sos agus a fháil ar cíos.
An méid a bheidh uait Gaeilge Seo na rudaí a bheidh uait chun sult a bhaint as an tseirbhís seo: • Cainéil dhigiteacha a bhfuil seirbhísí idirghníomhacha acu • Líonra baile sreangtha nó gan sreang, agus é ceangailte trí ródaire uilíoch Plug and Play (uPnP). Chun ceangal de líonra, féach Ceangail do theilifísean > Ceangail de líonra agus den Idirlíon (Lch 57).
3 Do theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid Pause TV An méid is féidir leat a dhéanamh Agus tú ag féachaint ar chainéal digiteach, is féidir clár a chur ar sos chun glao gutháin a fhreagairt nó sos a thógáil. Déantar an craoladh a stóráil ar thiomántán USB atá ceangailte den teilifíseán. Is féidir an clár a atosú ón áit sin uair ar bith. Nóta: • Is féidir clár a chur ar sos go ceann 90 nóiméad ar a mhéad. • Déanfar an tiomántán crua USB a fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán seo.
• • • Craoladh beo teilifíse a chur ar sos An teilifíseán a chur ar fuireachas. Athrú go cainéal eile. Athraigh an fhoinse chun féachaint ar inneachar ó ghléas ceangailte, ar nós seinnteoir dioscaí Blu-ray nó glacadóir digiteach. Seónna teilifíse a thaifeadadh An méid is féidir leat a dhéanamh 1. Ar chainéal digiteach, brúigh chun clár teilifíse a chur ar sos. 2. Brúigh chun leanúint ar aghaidh leis an gclár. Taispeánann an barra stádais na táscairí ama seo: A. An chéad uair a cuireadh an clár ar sos.
Rabhadh: • Ní bheidh TP Vision freagrach mura dtacaítear leis an tiomántán crua USB, nó má chailltear sonraí sa ghléas, nó má dhéantar damáiste dó. • Baineann formáidiú gach sonra den tiomántán crua USB ceangailte. • Déanfar an tiomántán crua USB a fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán seo. Bíodh sé ceangailte den teilifíseán an t-am ar fad. Ní féidir teacht ar inneachar an tiomántáin chrua USB ó theilifíseán eile ná ó PC. • Ná déan an port USB a ró-ualú.
Nóta: Má sceidealann tú taifeadtaí a dhéanamh fad a bheidh tú as baile, bí cinnte an teilifíseán a fhágáil ar fuireachas agus an tiomántán crua USB a bheith air. Déan taifeadadh cláir theilifíse a sceidealadh Is féidir taifeadadh de chlár nár craoladh fós a sceidealadh ach an clár a bheith le craoladh laistigh d'ocht lá ó inniu. Is féidir taifeadadh amaithe a sceidealadh leis, gan an taifeadadh a bheith nasctha le clár ar bith, mura bhfuil na sonraí cláir ar fáil. 1.
Bain úsáid as Skype™ An méid is féidir leat a dhéanamh • • • • • • Labhair le duine ar bith eile ar Skype, áit ar bith ar domhan, saor in aisce. Glaonna a dhéanamh ar fhóin talún agus ar fhóin phóca ar chostas íseal. Teastaíonn síntiús Skype. Téigh chuig www.skype.com. Bí rannpháirteach i bhfíschomhdhálacha. Seol glórphoist agus glac leo. Cuir glao ar aghaidh. Bainistigh do stádas ar líne, do theachtaireacht 'giúmair' agus do sonraí próifíle. Nóta: • Ní féidir glao éigeandála a dhéanamh le Skype.
Glac le hiarratas teagmhála Is féidir le húsáideoirí eile Skype cuireadh a thabhairt duit bheith ar a liosta dteagmhálaithe siúd. Gheobhaidh tú teachtaireacht ina thaobh, agus beidh tú in ann glacadh leis nó é a dhiúltú. Athainmnigh teagmháil 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Teagmhálacha], ansin brúigh OK. 2. Roghnaigh teagmháil, ansin brúigh OPTIONS. 3. Roghnaigh [Athainmnigh], ansin brúigh OK. 4. Lean na treoracha ar an scáileán chun eagarthóireacht a dhéanamh ar na sonraí. Teagmháil a bhlocáil 1.
Déan físghlao Le físghlaonna, is féidir labhairt os comhair a chéile amach le fís bheo saor in aisce ó do theilifíseán. 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Teagmhálaithe], ansin brúigh OK. 2. Roghnaigh an teagmháil, ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Físghlao], ansin brúigh OK. Amharc scáileán iomlán Má tá ceamara ceangailte ag do theagmháil agus má ghlacann sé/sí leis an nglao, feicfidh tú an duine ar an teilifís, i scáileán iomlán.
• • Scoirtear de chlár teilifíse atá ar sos agus cailltear an méid atá stóráilte. Scoirtear de chlár teilifíse a thaifeadadh. Beidh ort an taifeadadh a atosú ag deireadh an ghlao. Scoirtear de scannán ar cíos a sheinm. Chun an scannán ar cíos a atosú, beidh ort dul ar ais go dtí an siopa físeán nó chuig an tseirbhís chraolacháin. Tá siopaí agus seirbhísí físeáin ann nach ligeann duit scannán a atosú.
Tosaigh ag cluichíocht Roghanna teilithéacs 1. Brúigh SOURCE. 2. Roghnaigh an consól cluichí, ansin brúigh OK. 3. Más gá, lódáil diosca cluiche ar an gconsól cluichí, ansin roghnaigh cluiche le himirt. 4. Lean na treoracha ar an scáileán chun tosú ag cluichíocht. 1. Fad atá tú ag féachaint ar theilithéacs, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh rogha: • [Reoigh leathanach] / [Díreoigh leathanach]: Déan an leathanach reatha a reo nó a dhíreo.
Má tá roinnt foleathanach sa leathanach teilithéacs, is féidir féachaint ar gach foleathanach ceann i ndiaidh a chéile. Taispeántar na foleathanaigh sin ar bharra le hais uimhir an phríomhleathanaigh. Brúigh nó chun iad a roghnú. Cuardaigh Is féidir focal nó uimhir atá ar an leathanach reatha teilithéacs a chuardach. 1. Agus tú ag féachaint ar theilithéacs, brúigh OK chun an chéad fhocal nó an chéad uimhir a aibhsiú. 2. Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun dul go dtí an focal nó an uimhir atá á chuardach. 3.
Socraigh an clog de láimh Is féidir an dáta agus an t-am a shocrú de láimh. Sula dtosaíonn tú, socraigh mód an chloig go [Láimhe]. 1. Sa roghchlár [Clog], roghnaigh [Dáta] nó [Am], ansin brúigh OK. 2. Socraigh an t-am nó an dáta leis na Cnaipí nascleanúna. 3. Roghnaigh [Déanta], ansin brúigh OK. Amadóir codlata Is féidir an teilifíseán a chur ar fuireachas tar éis tréimhse ama ar leith. Le linn an tréimhse sin, is féidir an teilifíseán a mhúchadh níos luaithe nó an t-amadóir codlata a athshocrú. 1.
Pictiúr agus fuaim Cúntóir socruithe Is féidir socruithe pictiúir agus fuaime a roghnú le cabhair an chúntóra socruithe, a léiríonn láithreach éifeacht an tsocraithe atá roghnaithe agat. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Mearshocruithe pictiúir agus fuaime], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Lean ar aghaidh], ansin brúigh OK. 4. Lean na treoracha ar an scáileán chun do shocruithe a roghnú. Socruithe pictiúir eile Is féidir na socruithe sa roghchlár Pictiúr a athrú. 1.
• [Formáid agus ciumhaiseanna]: Téigh chuig ardsocruithe chun formáid taispeána an phictiúir a rialú. - [Formáid phictiúir]: Athraigh formáid pictiúir. - [Ciumhaiseanna an scáileáin]: Athraigh méid an phictiúir. - [Athrú pictiúir]: Má tá sé ar fáil, athraigh suíomh an phictiúir. Tuilleadh socruithe fuaime Is féidir na socruithe sa roghchlár Fuaim a athrú. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Fuaim], ansin brúigh OKv. 3. Roghnaigh socrú le hathrú, ansin brúigh OK.
Athshocraigh pictiúr agus fuaim Is féidir leat réamhshocruithe pictiúir agus fuaime a athchuir, agus socruithe suiteála an chainéil a choimeád mar a bhí siad. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Socruithe monarchan], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Athshocraigh], ansin brúigh OK. Déantar gach socrú teilifíse (ach amháin na socruithe cainéil) a athshocrú de réir na socruithe monarchan réamhshocraithe.
Suiteáil cainéil dhigiteacha Más eol duit minicíocht na gcainéal is mian leat a shuiteáil, is féidir cainéil dhigiteacha a chuardach agus a stóráil ina gceann agus ina gceann. Is fearr, de ghnáth, glao a chur ar an soláthraí seirbhíse. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe cainéil] > [Suiteáil cainéil]. 3. Roghnaigh [Digiteach: Triail ghlacachta] > [Cuardaigh cainéal], ansin brúigh OK. 4. Brúigh na Cnaipí uimhriúla chun minicíocht an chainéil a chur isteach. 5.
Na cineálacha crua-earraí céanna, mar a thaispeántar sa ghreamán ar chúl an teilifíseáin. Mar shampla: TPM10.1E LA. • Leaganacha bogearraí comhoiriúnacha Nóta: Má iarrtar ort cód a chur isteach, cuir isteach '8888'. Céim 1: Seiceáil an socrú tíre 1. Cuir an chéad teilifíseán ann (leis na cainéil is mian leat a chóipeáil go dtí an dara teilifíseán). 2. Brúigh . 3. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardaigh cainéal] > [Athshuiteáil cainéal], ansin brúigh OK. Taispeántar roghchlár na dtíortha. 4.
Suiteáil cainéil satailíte Athshuiteáil satailítí 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardach satailíte] > [Athshuiteáil satailítí]. 3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an tsuiteáil a chríochnú. 4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Críochnaigh], ansin brúigh OK. Roghnaigh cineál an naisc Agus cainéil satailíte á suiteáil agat, ní mór duit cineál an naisc a shocrú. Cinneann líon na LNBanna ar aeróg do mhéise líon na gcainéal satailíte is féidir leat a shuiteáil. 1.
Teanga roghchláir 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Teanga roghchláir]. 3. Roghnaigh teanga roghchláir ón liosta, ansin brúigh OK. Teanga fuaime Má chraolann an teilifís teangacha iolracha nó teangacha fuaime déacha, is féidir do theanga fuaime a roghnú. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. 2. I gcás cainéal digiteach, roghnaigh [Teanga fuaime]. I gcás cainéal analógach, roghnaigh [Dual I-II].
Rochtain don lucht lagéisteachta Chun bheith cinnte go bhfuil teanga fuaime ar fáil don lucht lagéisteachta, brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Teanga fuaime]. Taispeántar íocón i bhfoirm chluaise le hais teangacha a thacaíonn le fuaim don lucht lagéisteachta. Cuir an fhuaim don lucht lagéisteachta ann 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Rochtain uilíoch] > [Lucht lagéisteachta]. 3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK. • [As]: Múch gnéithe don lucht lagéisteachta.
D'fhéadfadh sé nach mbeadh socruithe áirithe teilifíse ar fáil i Mód siopa. Chun bheith cinnte go gcuirtear na socruithe cearta teilifíse i bhfeidhm, socraigh an teilifíseán ag mód Baile. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Suíomh]. 4. Roghnaigh [Baile] nó [Siopa], ansin brúigh OK. 5. Atosaigh an teilifíseán. Nuashonraigh na bogearraí Seiceáil an leagan 1. Brúigh . 2.
1. Bain gach gléas USB ar nós cuibheoir Wi-Fi den teilifís, ansin cuir an teilifís ann. 2. Ceangail an mhearóg USB den teilifíseán. Tosóidh an uasghrádú bogearraí as a stuaim féin. Beidh deireadh leis an uasghrádú nuair a fheicfidh tú teachtaireacht ar scáileán. 3. Sula n-atosaíonn tú an teilifís, dícheangal an mhearóg USB den teilifíseán. 4. Brúigh ar an gcianrialtán — ná brúigh ach uair amháin. Cuirtear an teilifís as agus ann arís. Tá deireadh leis an uasghrádú. 5.
Mar gheall ar cháblaí Cáilíocht na gcáblaí Sula gceanglaíonn tú gléasanna den teilifís, féach cad iad na nascóirí atá ar fáil ar an ngléas. Ceangail an gléas den teilifís leis an nascóir is fearr dá bhfuil ar fáil. Is fearr mar a aistrítear pictiúr agus fuaim ar nascóirí ardchaighdeán. Moltaí amháin atá sna nascóirí a thaispeántar sa lámhleabhar úsáideora seo. D'fhéadfadh réitigh eile a bheith ar fáil. Feicfear samplaí eile ar http://www.connectivityguide.philips.com.
Ceangail an aeróg Ceangail an aeróg den teilifís. Nasc gléasanna Seinnteoir diosca Blu-ray nó DVD Ceangail an seinnteoir diosca den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an seinnteoir diosca den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Glacadóir teilifíse Gaeilge Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla aeróige. Ceangail an satailít nó an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla SCART. Fístaifeadán Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla aeróige. Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla HDMI.
Gaeilge Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla SCART. Consól cluichí Ceangail an consól cluichí den teilifís le cábla HDMI.
Ceangail an consól cluichí den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Córas amharclainne baile Ceangail amharclann bhaile HDMI-ARC-chomhlíontach den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla HDMI agus cábla fuaime comhaiseach.
Gaeilge Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla SCART. Ceamara digiteach Ceangail an ceamara digiteach den teilifís le cábla USB.
Ceamthaifeadán digiteach Ceangail an ceamthaifeadán digiteach den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an ceamthaifeadán digiteach den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail gléasanna eile Ceangail an tiomántán crua USB den teilifís le cábla USB. Gléas stórála USB Ceangail an mhearóg USB den teilifís le cábla USB.
Ríomhaire Gaeilge Ceangail an ríomhaire den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an ríomhaire den teilifís le cábla DVI-HDMI agus cábla fuaime. Ceamara físghlao Ceangail an físcheamara teilifíse Philips - PTA317 (a dhíoltar mar mhír ar leith) den teilifís le cábla USB.
Féach ar ghléasanna ceangailte Roghnaigh gléas Ní mór an gléas a cheangal den teilifís sular féidir féachaint air. Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail gléasanna (Lch 46). Roghnaigh gléas le SOURCE 1. Brúigh SOURCE. 2. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK. Roghnaigh gléas ón roghchlár Baile 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Foinse], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK. Nuashonraigh an liosta foinsí Má chuireann tú gléas leis, nó má bhaineann tú ceann, nuashonraigh an liosta foinsí. 1.
1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [EasyLink] > [Cianrialú EasyLink]. 3. Roghnaigh [Ann] nó [As], ansin brúigh OK. Coimeád caighdeán an phictiúir Má tá tionchar ag gnéithe próiseála pictiúir ar ghléasanna eile ar chaighdeán do phictiúir theilifíse, is féidir Pixel Plus Link a chur air chun caighdeán an phictiúir a choimeád.
Roghnaigh aschur callaire Más gléas é do ghléas atá comhlíontach le Cainéal Fillte Fuaime HDMI (HDMI ARC), is féidir fuaim na teilifíse a aschur trí chábla HDMI. Ní bheidh gá le cáblaí fuaime breise. Bí cinnte go gceanglaíonn tú an gléas den nascóir HDMI ARC ar an teilifís. Féach Ceangail do theilifíseán > Mar gheall ar cháblaí > HDMI (Lch 45). Cuir HDMI ARC air 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Fuaim] > [Ardfhorbartha] > [HDMI 1 - ARC]. 3.
Ceangail Gaeilge Ceangail de líonra agus den Idirlíon An méid is féidir leat a dhéanamh Féach ar Mheáin Má cheanglaíonn tú an teilifíseán de líonra baile, is féidir grianghraif, ceol agus físeáin ó do ríomhaire a sheinm air. Féach Úsáid do theilifíseán > Seinn comhaid ilmheáin (Lch 17). Smart TV Má cheanglaíonn tú an teilifíseán de líonra baile a bhfuil ceangal Idirlín aige, is féidir Smart TV a bhrabhsáil.
5. Lean na treoracha ar an scáileán chun an líonra a shuiteáil. 6. Fan go dtiocfaidh an teilifíseán ar an gceangal líonra. 7. Má iarrtar é, aontaigh le Chomhaontú Ceadúnais an Úsáideora Deiridh. Wi-Fi ullamh Baineann an chuid seo le PFL32x8 amháin. Le cuibheoir USB gan sreang PTA128 de chuid Philips (a dhíoltar mar mhír ar leith), is féidir do theilifíseán a cheangal gan sreang de do líonra baile. Nóta: Oibríonn an líonra gan sreang sa speictream minicíochta 2.
• Má tá slándáil WPA agat ar do ródaire, cuir isteach an frása pas leis an gcianrialtán. 1. Chun an eochair criptithe (an eochair slándála) a chur isteach, roghnaigh [Caighdeánach], ansin brúigh OK. 2. Chun an méarchlár scáileáin a fháil, roghnaigh an réimse iontrála téacs, ansin brúigh OK. Socraigh ceangal daingnithe le criptiú WEP Má tá criptiú slándála WEP agat, iarrfaidh an teilifís ort an eochair criptithe WEP a chur isteach in uimhreacha heicsidheachúla. 1.
Socraigh ceangal daingnithe le criptiú WPS 1. Chun an ceangal daingnithe a shocrú le cód UAP, roghnaigh an [UAP WPS] agus brúigh OK. 2. Breac síos an cód UAP 8 ndigit a thaispeántar ar an teilifís agus cuir isteach é ar bhogearraí an ródaire ar an PC. Féach lámhleabhar an ródaire le fáil amach cá háit a gcuirtear isteach an cód UAP. Socraigh ceangal daingnithe le criptiú WPA Má tá slándáil WPA (Rochtain Chosanta Wi-Fi) ag do ródaire, cuir isteach an frása pas leis an gcianrialtán. 1.
An méid a bheidh uait Gaeilge Rabhadh: Chun do CAM a chosaint ar dhamáiste, cuir isteach an CAM faoi mar a deirtear leat é. Nóta: Léigh an doiciméad ó do sholáthraí seirbhíse faoin tslí leis an gcárta cliste a chur isteach sa Mhodúl Rochtana Teagmhasaigh. 1. Cuir an teilifís as. 2. Lean na treoracha atá priontáilte ar an CAM chun an CAM a chur isteach i slota an Chomhéadain Choitianta ar thaobh an teilifíseáin. Brúigh an CAM isteach chomh fada agus is féidir. 3.
6 Fabhtcheartú Fadhbanna ginearálta Ní féidir an teilifíseán a chur ann: • Dícheangal an cábla cumhachta den asraon cumhachta. Fan nóiméad amháin sula n-athcheanglaíonn tú é. • Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta ceangailte go daingean. Agus an teilifíseán á chur ann agat, nó á mhúchadh nó á chur ar fuireachas, cloiseann tú fuaim dhíoscach ó fhonnadh an teilifíseáin: Ní gá rud ar bith a dhéanamh.
Fadhbanna cainéil Teastaíonn uait cainéil teilifíse a shuiteáil: Féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Suiteáil uathoibríoch (Lch 37) chun treoracha a fháil ar conas cainéil analógacha nó digiteacha a shuiteáil. Más mian leat cainéil teilifíse satailíte a shuiteáil, féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe satailíte (Lch 39).
Taispeántar meirg "e-ghreamán" ar a bhfuil eolas ar thaispeáint an teilifíseáin: Tá an teilifíseán i mód [Siopa]. Chun an greamán a bhaint, socraigh an teilifís i mód [Baile], ansin atosaigh an teilifís. Féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe eile > Mód Baile (Lch 43). Níl an taispeáint ríomhaire ar an teilifís cobhsaí: • Bí cinnte go n-úsáideann an PC an ráta tacaithe taifeach agus athnuachana. Féach Sonraíochtaí > Taispeáin taifigh (Lch 66).
Fadhbanna líonra Teastaíonn uait ceangal gan sreang a dhéanamh idir do theilifíseán agus do líonra baile: • I gcás PFL42x8, féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de líonra agus den Idirlíon > Wi-Fi comhtháite (Lch 59 chun treoracha a fháil ar an tslí le do theilifíseán a cheangal gan sreang de do líonra baile.
7 Sonraíochtaí • Cumhacht agus glacadh D'fhéadfadh sonraíochtaí táirge athrú gan fógra a bheith tugtha. Cumhacht • Príomhchumhacht: AC 220-240V (50-60Hz) • Ídiú cumhachta fuireachais: < 0.3 W • Teocht timpeallach: 5 go 40 céim Celsius • Gheofar an t-ídiú cumhachta ar na sonraíochtaí táirge ag www.philips.com/support. Taispeánann an rátáil cumhachta atá tugtha ar chineálphláta an táirge an méid cumhachta a ídíonn an táirge seo le linn ghnáthúsáid teaghlaigh (IEC 62087 Ed.2).
Nóta: Ní mhór do chomhaid ilmheáin bheith faoi bhun 128 carachtar. Ceangail ilmheáin a dtacaítear leo • USB: Ná ceangail ach na gléasanna USB sin a ídíonn 500mA cumhachta nó níos lú. - NTFS, FAT 16 (Inléite amháin) - FAT 32 • Ethernet LAN RJ-45 Comhaid íomhá a dtacaítear leo • JPEG: *.jpg, *.jpeg, *.mpo • GIF (87a, 89a): *.gif • PNG: *.png • BMP: *.bmp, *.dib • JPS: *.jps • PNS: *.pns • BMS: *.
Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime a dtacaítear leo GA 68
Gaeilge Formáidí fuaime a dtacaítear leo Formáidí fotheidil a dtacaítear leo Ionchódú carachtar • Windows-1250 (CP-1250): Laidin Lár na hEorpa agus Oirthear na hEorpa (An tSeicis, an Ungáiris, an Pholainnis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Chróitis, an Rómáinis, an tSeirbis) • Windows-1251 (CP-1251): Coireallach • Windows-1252 (CP-1252): Laidin Iarthar na hEorpa • Windows-1253 (CP-1253): Gréigis • Windows-1254 (CP-1254): Tuircis • UTF-8: Ionchódú carachtair ilbheart le haghaidh Unicode Bogearraí freast
8 Innéacs A airde amadóir codlata amharclann bhaile, ceangail amplitheoir, roghnaigh aschur an liosta cainéal an liosta cainéal, cóipeáil Ardán Ilmheán Baile (MHP) athainmnigh cainéil athainmnigh, gléas ceangailte athchúrsáil athshuiteáil 13 34 50 56 14 38 22 14 54 8 44 B bíp eochrach bogearraí, nuashonraigh USB bogearraí, nuashonrú digiteach bogearraí, nuashonrú ón Idirlíon bogearraí, seiceáil an leagan braiteoirí 41 43 44 44 43 10 C cabhair, ar scáileán Cabhair, leagan cáblaí cainéil cainéil analógach
EasyLink EasyLink, callairí teilifíse EasyLink, cianrialtán EasyLink, cumasaigh EasyLink, gnéithe EasyLink, rialú scáileán EasyLink, rialuithe eolaire clár Eolaire teilifíse EPG EPG, craoltóir EPG, Idirlíon I 54 56 55 55 54 11 55 16 16 16 16 16 F faigh ar cíos, físeán ar líne físcheamara Philips físeán ar líne, faigh ar cíos físeán taispeána foinse, nuashonraigh foinse, roghnaigh fóram ar líne formáid phictiúir fotheidil, analógach fotheidil, digiteach fotheidil, teanga fuireachas 22 53 22 42 54 15 9 15
rochtain don lucht lagéisteachta rochtain don lucht lagradhairc rochtain uilíoch, an lucht lagéisteachta rochtain uilíoch, an lucht lagradhairc rochtain uilíoch, cumasaigh 42 42 42 42 41 S sábháilteacht satailít, cuir satailít leis nó bain satailít satailít, socruithe satailít, suiteáil cainéil SCART sceideal, taifeadtaí seinn, comhaid ríomhaire seinn, comhaid USB seinnteoir diosca, ceangail siopa físeán Skype Skype, cumraíocht Skype, déan teagmháil a bhlocáil Skype, físghlao Skype, freagair glao Skype, g
W 59 58 Gaeilge Wi-Fi comhtháite, cumraíocht Wi-Fi ullamh, cumraíocht Y YouTube YPbPr, físeán comhpháirteach 20 45 GA 73
Maoin de chuid a n-úinéirí faoi seach is ea gach trádmharc cláraithe agus neamhchláraithe. D'fhéadfadh sonraíochtaí athrú gan fógra a bheith tugtha. Trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke Philips Electronics N.V. is ea Philips agus suaitheantas scéithe Philips, agus úsáidtear iad faoi cheadúnas ó Koninklijke Philips Electronics N.V. 2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach ceart ar cosaint. www.philips.