operation manual

GA 64
Taispeántar meirg "e-ghreamán" ar a bhfuil
eolas ar thaispeáint an teilifíseáin:
Tá an teilifíseán i mód [Siopa]. Chun an
greamán a bhaint, socraigh an teilifís i mód
[Baile], ansin atosaigh an teilifís. Féach
Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe
eile > Mód Baile (Lch 43).
Níl an taispeáint ríomhaire ar an teilifís
cobhsaí:
Bí cinnte go n-úsáideann an PC an ráta
tacaithe taifeach agus athnuachana.
Féach Sonraíochtaí > Taispeáin taifigh
(Lch 66).
Athraigh formáid an phictiúir teilifíse go
[Neamhscálaithe].
Fadhbanna fuaime
Tá pictiúr ann ach níl aon fhuaim ag teacht
ón teilifíseán:
Mura mbraitear comhartha fuaime, múchann
an teilifíseán an t-aschur fuaime as a stuaim
féin ní chiallaíonn sin go bhfuil mífheidhm
ann.
Bí cinnte go bhfuil gach cábla ceangailte i
gceart.
Bí cinnte nach bhfuil an fhuaim
balbhaithe nó socraithe ag nialas.
Bí cinnte gur roghnaíodh socrú na
gcallairí teilifíse. Brúigh OPTIONS,
roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] >
[Callairí], agus ansin roghnaigh [Teilifís].
Bí cinnte go bhfuil an t-aschur fuaime
teilifíse ceangailte den ionchur fuaime ar
ghléas amharclainne baile atá
HDMI-CEC-cumasaithe nó
EasyLink-chomhlíontach. Ba cheart
fuaim a bheith le cloisteáil ó challairí na
hamharclainne baile.
D'fhéadfadh gléasanna áirithe iarraidh
ort aschur fuaime HDMI a chumasú de
láimh. Má tá fuaim HDMI cumasaithe
cheana féin, ach nach bhfuil fuaim le
cloisteáil uaidh, moltar formáid na
fuaime digití ar an ngléas a athrú go
PCM (Modhnú Bíogchóid). Féach an
doiciméad a ghabhann le do ghléas chun
treoracha a fháil.
Tá pictiúr agam ach níl caighdeán na fuaime
go maith:
Bí cinnte go bhfuil na socruithe fuaime i gceart.
Fadhbanna ceangail
Tá fadhbanna leis na gléasanna HDMI:
Meabhraítear duit gur féidir le HDCP
(Cosaint d'Inneachar Digiteach ar
Bhanda Leathan) cur leis an am a
thógann sé ar theilifís inneachar ó ghléas
HDMI a thaispeáint.
Mura n-aithníonn an teilifís an gléas
HDMI agus mura dtaispeántar pictiúr,
athraigh an fhoinse ó ghléas amháin go
dtí gléas eile agus ar ais arís.
Má bhíonn cur isteach ar an bhfuaim ó
am go chéile, bí cinnte go bhfuil na
socruithe aschuir ón ngléas HDMI ceart.
Má úsáideann tú cuibheoir
HDMI-go-DVI nó cábla HDMI go DVI,
bí cinnte go bhfuil cábla fuaime breise
ceangailte de FUAIM C/D nó FUAIM
ISTEACH (mionseac amháin).
Ní féidir leat úsáid a bhaint as gnéithe
EasyLinks:
Bí cinnte gur gléasanna
HDMI-CEC-chomhlíontacha iad do
ghléasanna HDMI. Ní oibríonn gnéithe
EasyLink ach amháin ar ghléasanna atá
HDMI-CEC-chomhlíontach.
Má tá gléas fuaime
HDMI-CEC-chomhlíontach ceangailte den
teilifíseán agus mura dtaispeánann an
teilifíseán aon íocón bhalbhaithe nó fuaime
nuair a bhíonn an fhuaim balbhaithe,
méadaithe nó laghdaithe:
Gnáthrud é sin nuair a bhíonn gléas fuaime
HDMI-CEC ceangailte.
Ní thaispeántar inneachar an ghléis USB:
Bí cinnte go bhfuil an gléas stórála USB
socraithe ag Aicme Ollstórála
comhlíontach, faoi mar a thuairiscítear i
ndoiciméadú an ghléis stórála.
Bí cinnte go bhfuil an gléas stórála USB
comhoiriúnach leis an teilifíseán.
Bí cinnte go dtacaíonn an teilifís leis na
formáidí comhaid fuaime agus pictiúir.