operation manual
GA 55
Gaeilge
Rialú fuaime córais
Má cheanglaíonn tú gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach ar a n-áirítear
callairí trí nascóir HDMI ARC, is féidir rogha a
dhéanamh fuaim na teilifíse a chloisteáil trí na
callairí sin, in ionad thrí challairí an teilifíseáin.
Coimeád caighdeán an phictiúir
Má tá tionchar ag gnéithe próiseála pictiúir ar
ghléasanna eile ar chaighdeán do phictiúir
theilifíse, is féidir Pixel Plus Link a chur air
chun caighdeán an phictiúir a choimeád.
Uasmhéadaigh an taispeáint le haghaidh
físeán le fotheidil
Is féidir le fotheidil físeáin a bheith le feiceáil
ar bharra fotheidil ar leith faoin bhfíseán, a
laghdaíonn réimse taispeána an fhíseáin. Chun
an réimse taispeána físeáin a uasmhéadú, is
féidir athrú go dtí an iomlaoid uath-fhotheidil
agus na fotheidil a thaispeáint ar íomhá an
fhíseáin.
An méid a bheidh uait
• Ceangail gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach den
teilifíseán. Is féidir breis is gléas amháin
HDMI-CEC a cheangal. Féach Ceangail
do theilifíseán > Ceangail gléasanna
(Lch 46).
• Cumraigh gach gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach i gceart.
• Cuir EasyLink air.
Cuir EasyLink air
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] >
[EasyLink].
3. Roghnaigh [EasyLink] > [Ann], ansin
brúigh OK.
Rialaigh gléasanna
Má cheanglaíonn tú gléasanna iolracha
HDMI-CEC a thacaíonn leis an socrú seo, is
féidir gach gléas dá shórt a rialú le cianrialtán
na teilifíse.
Nóta: Socrú ardfhorbartha é seo. Gléasanna
nach dtacaíonn leis an socrú seo, ní féidir leo
freagairt do chianrialtán na teilifíse.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] >
[EasyLink] > [Cianrialú EasyLink].
3. Roghnaigh [Ann] nó [As], ansin brúigh
OK.
Leideanna:
• Chun athrú ar ais go rialú teilifíse, brúigh
, ansin roghnaigh [Féach ar theilifís].
• Chun gléas eile a rialú, brúigh , ansin
roghnaigh an gléas ón roghchlár Baile.
Cnaipí EasyLink
Is féidir gléasanna
HDMI-CEC-chomhlíontacha a rialú leis na
cnaipí seo ar an gcianrialtán teilifíse:
• : Cuir an teilifís agus an gléas ceangailte
ann nó ar fuireachas.
• Cnaipí seanma: Rialaigh seinm físeán nó
ceoil.
• Cnaipí uimhriúla: Roghnaigh teideal,
caibidil nó rian.
• OK: Tosaigh an gléas ceangailte, cuir ar
sos é nó atosaigh é, déan rogha, nó
téigh chuig roghchlár na ngléasanna.
• : Taispeáin an roghchlár Baile teilifíse.
Múch gléasanna nasctha
Is féidir an teilifís a shocrú, leis, chun
gléasanna HDMI-CEC-chomhlíontacha
ceangailte a mhúchadh, murab iad an fhoinse
ghníomhach. Athraíonn an teilifíse go mód
fuireachais tar éis bheith díomhaoin ar feadh
10 nóiméad.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] >
[EasyLink].
3. Roghnaigh [Uathmhúch gléasanna] >
[Ann], ansin brúigh OK.