User manual

Table Of Contents
Chun na heochracha feidhme folaithe a chasadh air
nó as agus na heochracha a athrú idir tacair éagsúla
oibríochtaí.
8 - INFO ()
Chun eolas cláir a oscailt nó a dhúnadh..
9 - Eochracha uimhreach (eochracha folaithe, ar fáil
tar éis an eochair 123 a bhrú)
Chun cainéal a roghnú go díreach.
10 - SUBTITLE
Chun leathanach na bhFotheideal a oscailt. Brú fada
chun Téacs/Teilitéacs a oscailt.
11 - TV () / EXIT
Chun athrú ar ais d'fhéachaint teilifíse nó chun
feidhmchlár teilifíse idirghníomach a stopadh. Mar sin
féin, b’fhéidir nach n-oibreodh sé le feidhmchlár
áirithe; tá an iompraíocht ag brath ar fheidhmchláir
teilifíse tríú páirtí.
Athrófar an eochair seo go dtí an Eochair uimhreach 0
tar éis don eochair 123 a bhrú.
12 - Baile
Chun an roghchlár Baile a oscailt.
13 - (Cainéal)
Chun bogadh síos nó suas chun athrú go dtí an chéad
chainéal eile nó an cainéal roimhe sin ar an liosta
cainéal. Chun an chéad leathanach eile nó an
leathanach roimhe sin a oscailt in Téacs/Teilithéacs.
Brú lár na heochrach chun an liosta cainéal a oscailt.
Bun
1 - Eochracha datha
Roghnú díreach roghanna. Brúigh an eochair
Ghorm chun Cabhair a oscailt.
2 -
• Má tá suibscríbhinn ballraíochta agat le Netflix, is
féidir leat taitneamh a bhaint as Netflix ar an teilifís
seo. Ní mór do do theilifís a bheith nasctha leis an
Idirlíon.
• Chun Netflix a lainseáil, brúigh chun Netflix a
oscailt láithreach leis an teilifís lasctha ar nó ó
fuireachas.
www.netflix.com
3 -
Chun an Feidhmchlár Disney+ a lainseáil.
4 - Eochair Eco./Glas
Brúigh chun teachtaireacht a ghairm le meabhrú duit
roghchláir na socruithe Eco a iontráil, brú fada chun
roghchlár na socruithe Eco a ghairm go díreach. Tar
éis an roghchlár socruithe Eco a thruicearú trí bhrú
fada na heochrach cúpla uair, ní thaispeánfar an
teachtaireacht a thuilleadh.
5 - Athsheinm (beidh fáil ar eochracha folaithe tar
éis eochair 123 a bhrú)
• Seinn , chun athsheinm.
• Ar sos , chun athsheinm a chur ar sos
• Cúlchas , le dul siar
• Mearchas , le dul chun tosaigh
6 -
Chun an Feidhmchlár Amazon prime video a lainseáil.
7 -
Chun an Feidhmchlár Titan Channels a lainseáil.
8 - Meareochracha
Brúigh an mheareochair chun feidhmchlár nó meáin
sruthaithe a lainseáil go díreach. Tá na
meareochracha féin éagsúil ó réigiún go réigiún agus
ó thír go tír.
3.2. Péireáil do Chianrialtán
leis an teilifís
Baineann an cianrialtán seo úsáid as Bluetooth® agus
IR (infridhearg) araon chun a threoracha a sheoladh
chuig an teilifís.
• Is féidir leat an cianrialtán seo a úsáid via IR
(infridhreag) don chuid is mó d’oibríochtaí.
• Chun feidhmeanna rialaithe gutha Alexa a úsáid, ní
mór duit an teilifís a phéireáil (nascadh) leis an
gcianrialtán.
Nuair a chuir tú tús le suiteáil bhunaidh na teilifíse,
thug an teilifís cuireadh duit an eochair PAIR a bhrú,
agus leis sin, rinneadh an phéireáil.
Tabhair faoi deara:
1 - Tar éis don chianrialtán dul isteach i mód péireála
go rathúil, tosóidh an táscaire LED atá timpeall an
mhicreafóin ar aghaidh an chianrialtáin ag caochaíl.
2 - Ní mór an cianrialtán a choinneáil gar don teilifís
(laistigh de 1 méadar) i rith péireála chun go n-
oibreoidh sé i gceart.
3 - Mura lainseálann an teilifís an réimse cuardaigh
gutha nuair a bhrúnn tú Alexa, níor éirigh leis an
bpéireáil.
4 - Moltar duit fanacht go dtí go bhfuil an teilifís
tosaithe go hiomlán agus go bhfuil gach próiseas
cúlra lainseáilte sula dtéann tú isteach i mód péireála
mar go bhféadfadh sé tarlú go dtaispeánfar an
8