User manual

Table Of Contents
5.7. Gléas eile
CAM le Cárta Cliste - CI+
Maidir le CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag
oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Déanann
an t-oibritheoir teilifíse scrobhadh ar na cláir seo agus
díscrobhtar iad le modúl CI+ réamhíoctha.
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollach - CAM) ar fáil mar aon le cárta
cliste a ghabhann leis, nuair a liostálann tú lena gcláir
phréimhe. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag
an cláir seo.
Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le
haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus
coinníollacha.
Cárta Cliste
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a
ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá
scothchláir.
Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar
an treoir a fuair tú ón oibritheoir.
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…
1. Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le
feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart
é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus
don teilifís.
2. Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus
aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go
réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.
3. Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé.
Fág sa sliotán go buan é.
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt
nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an
CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na
táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne
éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil
scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste.
Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann
féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
Socraigh Pasfhocail agus cóid PIN
Ní mór duit cód PIN a chur isteach i gcás roinnt
CAManna chun féachaint ar a chainéil. Nuair a
shocraíonn tú an cód PIN don CAM, molaimid duit an
cód céanna a úsáid is atá in úsáid agat chun an teilifís
a dhíghlasáil.
Chun an cód PIN a shocrú don CAM…
1. Brúigh SOURCES .
2. Roghnaigh an cineál cainéil atá in úsáid agat don
CAM.
3. Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Comhéadan
Coiteann.
4 Roghnaigh oibritheoir teilifíse an CAM. Is ón
oibritheoir teilifíse a thagann na scáileáin seo a
leanas. Lean na treoracha ar an scáileán chun an cód
PIN a fháil.
Gléas Stórála USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha. Cuir
isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na naisc
USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Braitheann an teilifís an mhéaróg chuimhne agus
osclaíonn sí liosta a thaispeánann a bhfuil ann.
Mura dtaispeántar a bhfuil ann go huathoibríoch,
brúigh SOURCES agus roghnaigh USB.
16