Cláraigh do tháirge agus faigh tacaíocht ag www.philips.
Clár Ábhar 1 2 3 4 5 GA Tábhachtach 3 Sábháilteacht Cúram Dlíthiúil Inbhuanaitheacht Cabhair agus tacaíocht 3 4 5 8 9 Úsáid do theilifíseán 10 Rialuithe teilifíseáin Féach ar teilifís Féach eolaire na gclár Féach ar 3D Ambilight Seinn comhaid ilmheáin Smart TV Teilifís idirghníomhach 10 12 15 16 18 19 21 23 Do theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid 25 Pause TV Seónna teilifíse a thaifeadadh Bain úsáid as Skype™ Cluichí a imirt Féach ar Teilithéacs Socraigh glais agus amadóirí 25 26
Sábháilteacht Réamhchúraimí Léigh agus bí cinnte go dtuigeann tú gach treoir sula n-úsáideann tú do theilifíseán. Má dhéantar damáiste toisc nach leantar na treoracha, ní bheidh feidhm leis an mbaránta. Riosca turrainge leictrí nó dóiteáin! Ná nocht an teilifíseán riamh do bháisteach ná d'uisce. Ná cuir gabhdán ina bhfuil leacht, vása mar shampla, in aice an teilifíseáin riamh. Má dhoirtear leacht ar an teilifíseán nó isteach ann, dícheangal an teilifíseán láithreach den asraon cumhachta.
Riosca gortaithe do leanaí! Déan na réamhchúraimí seo ionas nach dtitfidh an teilifíseán, rud a d'fhéadfadh gortú a dhéanamh do leanbh: Ná cuir an teilifíseán riamh ar dhromchla ar a bhfuil éadach nó ábhar eile a d'fhéadfaí a tharraingt. Bí cinnte nach mbíonn aon chuid den teilifíseán ag gobadh amach ón dromchla. Ná cuir teilifíseán riamh ar mhír ard troscáin, ar nós leabhragáin, gan an mhír troscáin agus an teilifís araon a dhaingniú den bhall nó de thaca oiriúnach.
Seachain íomhánna seasmhacha a mhéad is féidir. Íomhánna is ea íomhánna seasmhacha a fhanann ar an scáileán ar feadh tamaill fhada. Áirítear orthu roghchláir scáileáin, barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Más gá íomhá seasmhach a úsáid, laghdaigh codarsnacht agus gile an scáileáin chun damáiste don scáileán a sheachaint. Spéaclaí 3D Le haghaidh teilifíseán a gcuirtear spéaclaí 3D ar fáil in éineacht leo.
Creidtear gur leor an t-ábhar sa lámhleabhar seo chun an córas a úsáid mar atá ceaptha. Má bhaintear úsáid as an táirge, nó as a mhodúil nó a ghnásanna aonair, chun críocha seachas na gcríoch atá sonraithe anseo, ní mór deimhniú a fháil go bhfuil na húsáidí sin bailí agus oiriúnach. Barántaíonn Netherlands B.V. nach sáraíonn an t-ábhar féin aon phaitinn de chuid na Stát Aontaithe. Ní thugtar aon bharánta eile le tuiscint ná ní chuirtear aon cheann in iúl. Ní féidir le TP Vision Netherlands B.V.
Trádmharcanna agus cóipchearta Trádmharc cláraithe nó trádmharc de chuid Microsoft Corporation sna Stáit Aontaithe agus/nó i dtíortha eile is ea Windows Media. Déantar faoi cheadúnas ó Dolby Laboratories. Trádmharcanna de chuid Dolby Laboratories is ea Dolby agus an tsiombail D-dúbailte. Trádmharcanna nó trádmharcanna cláraithe de chuid HDMI Licensing LLC sna Stáit Aontaithe nó i dtíortha eile is ea na téarmaí HDMI agus HDMI High-Definition Multimedia Interface, agus lógó HDMI.
Inbhuanaitheacht Tíosacht ar fhuinneamh Dearadh an teilifíseán seo le gnéithe tíosacha ar fhuinneamh. Brúigh an Cnaipe glas ar an gcianrialtán, chun teacht ar na gnéithe sin. Socruithe pictiúir tíosacha ar fhuinneamh: Is féidir meascán de shocruithe pictiúir tíosach ar fhuinneamh a úsáid. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh [Tíosach ar fhuinneamh]. Ansin roghnaigh an socrú pictiúir [Tíosach ar fhuinneamh].
Leagan inchlóite PDF den lámhleabhar seo a íoslódáil Ceist ar leith a chur orainn i r-phost Labhairt ar líne le Philips Consumer Care (ar fáil i dtíortha áirithe amháin) Bain úsáid as treoir nascachta Philips Sa treoir shoiléir seo ar nascacht, gheobhaidh tú treoir faoin tslí le do theilifíseán a cheangal le gléasanna eile. Téigh chuig http://www.connectivityguide.philips.com. Cuardaigh an fóram teilifíse D'fhéadfadh sé gur fhreagair pobal úsáideoirí teilifíseán Philips do cheist cheana féin.
2 Úsáid do theilifíseán Rialuithe teilifíseáin Rialuithe cúil 1. (Fuireachas): Cuir an teilifíseán ann nó as. 2. CH +/-: Athraigh go dtí an chéad chainéal eile nó an cainéal roimhe. 3. (SOURCE): Féach ar ghléas ceangailte. 4. +/- (Airde): Méadaigh nó laghdaigh an airde. 1. LED táscaire fuireachais agus braiteoir cianrialaithe Taispeánann an LED fuireachais go bhfuil an teilifíseán ar fuireachas. Dírigh an cianrialtán ar an mbraiteoir.
13. LIST: Tar ar an liosta cainéal teilifíse. 14. EXIT: Imigh as roghchláir nó as feidhmeanna teilifíse. 15. INFO: Taispeáin eolas mar gheall ar ghníomhaíocht reatha. 16. OPTIONS: Tar ar na roghanna atá ar fáil, agus ar na roghchláir pictiúir agus fuaime. 17. (Siar): Chun filleadh ar an leathanach roghchláir roimhe nó éalú as feidhm theilifíse. 18. CH - / CH +: Athraigh cainéal. 19. +/- (Airde): Ceartaigh an airde. 20. (Gan fuaim): Cealaigh an fhuaim nó cuir ann í. 21.
Féach ar teilifís Cuir an teilifís ann nó as Uathmhúchadh Is féidir fuinneamh a spáráil le socruithe tíosach ar fhuinneamh an teilifíseáin seo, socruithe atá cumasaithe de réir réamhshocrú. Mura ndéanann úsáideoir gníomh (ar nós cnaipe cianrialtáin nó rialú ar an teilifíseán a bhrú) ar feadh ceithre huaire an chloig, rachaidh an teilifíseán ar fuireachas sa ghnáthchúrsa. Chun múchadh uathoibríoch a dhíchumasú 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas ar an gcianrialtán. 2.
Bainistigh liostaí cainéal Nuair a bheidh na cainéil suiteáilte, beidh tú ábalta: Cainéil a scagadh. Athrú idir cainéal aeróige agus cainéal cábla. Cainéil a athainmniú. Cainéil a chur in ord nua. Cainéal a ghlasáil. Éisteacht le raidió digiteach. Cainéil a scagadh 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST. 2. Brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Scag]. 3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK. Brúigh CH+/- ar an gcianrialtán nó ar an teilifíseán.
4. Brúigh na Cnaipí treoleanúna chun gach carachtar a roghnú, ansin brúigh OK. 5. A luaithe a bhíonn sé déanta, roghnaigh [Déanta], ansin brúigh OK mar dheimhniú. Cainéil a chur in ord nua Tar éis na gcainéal a shuiteáil, is féidir ord nua a chur ar an liosta cainéal. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST. Taispeántar an liosta cainéal. 2. Brúigh OPTIONS. 3. Roghnaigh [Cuir in ord nua], ansin brúigh OK. 4. Roghnaigh na cainéil le cur in ord nua, ansin brúigh OK. 5.
Athraigh formáid pictiúir Athraigh formáid an phictiúir ar mhaithe leis an bhfoinse físeáin. 1. Brúigh FORMAT. 2. Roghnaigh formáid phictiúir, ansin brúigh OK. Braitheann na formáidí pictiúir atá ar fáil ar fhoinse an fhíseáin: [Uathlíon]: Ceartaigh an pictiúr chun an scáileán a líonadh (bíonn na fotheidil le feiceáil i gcónaí). Moltar é chun saobhadh scáileáin a sheachaint a mhéid is féidir ach ní haghaidh HD ná PC. [Uathzúmáil]: Méadaigh an pictiúr chun an scáileán a líonadh.
Nóta: Braithfidh na roghanna ar an eolas clár atá ar fáil ón gcraoltóir. 1. Sa treoir clár, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK: [Faigh sonraí EPG]: Tabhair eolas treorach chun dáta. [Athraigh an lá]: Roghnaigh an lá ar a dtaispeánfar an treoir clár. [Cuardaigh de réir seánra]: Cuardaigh cláir de réir seánra. [Gach meabhrúchán]: Taispeáin liosta de na meabhrúcháin clár ar fad.
Chun an eispéireas 3D is fearr a bheith agat agus tú ag feachaint ar chláir 3D: Suigh fad trí oiread leithead an teilifíseáin ón teilifíseán, ar a laghad. Ná suigh níos faide ná 6m ón teilifíseán. Tosaigh 3D Uathchumasaigh 3D Braitheann an teilifíseán é nuair a bhíonn 3D ar fáil agus iarrann sé ort do spéaclaí 3D a chur ort sula bhféachann tú air. Chun freagairt an teilifíseáin nuair a bhraitear comhartha 3D a shocrú: 1. Brúigh . 2.
Ambilight An méid is féidir leat a dhéanamh Is suaimhní féachaint ar teilifís le Ambilight. Athraíonn an solas as a stuaim féin chun bheith ar aon dul le dath agus gile an phictiúir. An méid a bheidh uait Chun an éifeacht Ambilight is fearr a fháil: Suigh an teilifíseán 25 cm amach ón mballa. Laghdaigh an solas sa seomra. Cuir air 1. Brúigh AMBILIGHT ar an gcianrialtánrol. 2. Chun Ambilight a chur ann nó as, roghnaigh [Ann] nó [As].
An méid is féidir leat a dhéanamh Is féidir leat físeáin, grianghraif, agus ceol a sheinm ar do theilifíseán ó: Do ríomhaire ach é bheith ceangailte den líonra baile. Gléas USB atá ceangailte den teilifíseán. Seinn comhaid ón ríomhaire An méid a bheidh uait Líonra baile sreangtha nó gan sreang, agus é ceangailte de ródaire uilíoch Plug and Play (uPnP). Roghnach: Cábla LAN a cheanglaíonn do theilifíseán den líonra baile. Freastalaí meán ag rith ar do ríomhaire.
Leideanna: Roghnaigh an barra uachtarach chun do chomhaid a scagadh de réir cineáil. Roghnaigh [Sórtáil] chun na comhaid a shocrú de réir ainm, de réir dáta, nó de réir réimse eile. Roghanna seanma Féach ar fhíseán 1. Roghnaigh sa bharra uachtarach. 2. Roghnaigh físeán, ansin brúigh OK. 3. Roghnach: Chun gach físeán i bhfillteán a sheinm, roghnaigh físeán, ansin roghnaigh [Seinn gach ceann]. Chun dul go dtí an chéad fhíseán eile nó an físeán deireanach, brúigh CH+ nó CH-.
Roghanna taispeántas sleamhnán Agus seó sleamhnán á sheinm agat, brúigh OPTIONS, ansin brúigh OK chun rogha a roghnú: [Suaitheadh as] / [Suaitheadh ann]: Cumasaigh nó díchumasaigh pictiúir i dtaispeántas sleamhnán a thaispeáint go randamach. [Athsheinn]: Roghnaigh [Athsheinn] chun féachaint ar sheó sleamhnán arís agus arís eile nó [Seinn uair amháin] chun féachaint air uair amháin. [Tráth an taispeántais sleamhnán]: Roghnaigh am taispeána le haghaidh gach grianghraif sa taispeántas sleamhnán.
Braitheann feidhmchláir maidir le cláir theilifíse chaille agus na cláir féin ar shocrú tíre do theilifíseáin. Le fáil amach cad iad na cláir theilifíse atá ar fáil, téigh chuig an treoir clár laistigh den fheidhmchlár. Taispeánann Smart TV leathanach amháin ag an am, in amharc scáileán iomlán. D'fhéadfadh sé nach mbeadh suíomhanna áirithe Gréasáin le feiceáil ina n-iomláine. D'fhéadfadh nach mbeadh feidhmeanna a dteastaíonn breiseán uathu ar fáil. Níl aon fhreagracht ar TP Vision Netherlands B.
Leathanaigh a scoránú Brúigh na Cnaipí treoleanúna and chun scoránú suas agus síos leathanach Gréasáin. Athlódáil leathanach Mura lódálann leathanach i gceart, brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Athlódáil leathanach]. Féach eolas slándála Chun féachaint ar eolas slándála mar gheall ar leathanach, brúigh OPTIONS, ansin brúigh [Eolas slándála].
Siopadóireacht a dhéanamh ar líne Íoc as clár VOD (físeán ar éileamh) Vótáil Comhrá a dhéanamh An méid a bheidh uait Seo na rudaí a bheidh uait chun sult a bhaint as an tseirbhís seo: Cainéil dhigiteacha a bhfuil seirbhísí idirghníomhacha acu Líonra baile sreangtha nó gan sreang, agus é ceangailte trí ródaire uilíoch Plug and Play (uPnP). Chun ceangal de líonra, féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de líonra agus den Idirlíon (Lch 59).
Pause TV An méid is féidir leat a dhéanamh Agus tú ag féachaint ar chainéal digiteach, is féidir clár a chur ar sos chun glao gutháin a fhreagairt nó sos a thógáil. Déantar an craoladh a stóráil ar thiomántán USB atá ceangailte den teilifíseán. Is féidir an clár a atosú ón áit sin uair ar bith. Nóta: Is féidir clár a chur ar sos go ceann 90 nóiméad ar a mhéad. Déanfar an tiomántán crua USB a fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán seo. Bíodh sé ceangailte den teilifíseán an t-am ar fad.
Craoladh beo teilifíse a chur ar sos Seónna teilifíse a thaifeadadh An méid is féidir leat a dhéanamh Más féidir le do theilifíseán treoracha clár a fháil, beidh tú ábalta cláir theilifíse a thaifeadadh ar thiomántán crua USB. Is féidir idir chláir theilifíse chraolta agus chláir nár craoladh fós a thaifeadadh. Nóta: Ní thacaítear le taifeadadh ach amháin sna tíortha sin ina gcuirtear treoir clár ar fáil.
Déanfar an tiomántán crua USB a fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán seo. Bíodh sé ceangailte den teilifíseán an t-am ar fad. Ní féidir teacht ar inneachar an tiomántáin chrua USB ó theilifíseán eile ná ó PC. Ná déan an port USB a ró-ualú. Má cheanglaíonn tú tiomántán crua USB a ídíonn breis is 500mA cumhachta, bí cinnte go mbíonn sé ceangailte dá sholáthar cumhachta seachtrach féin. Nóta: Bí cinnte go bhfuil an teilifíseán agus an tiomántán crua USB curtha as.
Déan taifeadadh cláir theilifíse a sceidealadh Is féidir taifeadadh de chlár nár craoladh fós a sceidealadh ach an clár a bheith le craoladh laistigh d'ocht lá ó inniu. Is féidir taifeadadh amaithe a sceidealadh leis, gan an taifeadadh a bheith nasctha le clár ar bith, mura bhfuil na sonraí cláir ar fáil. 1. Brúigh , ansin roghnaigh [Treoir theilifíse]. 2. Roghnaigh an cainéal agus an clár atá le taifeadadh. 3.
An méid a bheidh uait Físcheamara teilifíse Philips, PTA317/00 (a dhíoltar mar mhír ar leithligh), le micreafón ionsuite. Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail gléasanna eile > Ceamara físghlao (Lch 55). Ceangail Idirlín. Líonra baile sreangtha nó gan sreang. Chun ceangal de líonra, féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de líonra agus den Idirlíon (Lch 59). Cuntas Skype. Is féidir cuntas Skype a chruthú ar an teilifíseán seo nó ó do ríomhaire.
Athainmnigh teagmháil 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Teagmhálaithe], ansin brúigh OK. 2. Roghnaigh teagmháil, ansin brúigh OPTIONS. 3. Roghnaigh [Athainmnigh], ansin brúigh OK. 4. Lean na treoracha ar an scáileán chun eagarthóireacht a dhéanamh ar na sonraí. Teagmháil a bhlocáil 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Teagmhálaithe], ansin brúigh OK. 2. Roghnaigh an teagmháil, ansin brúigh OPTIONS. 3. Roghnaigh [Blocáil], ansin brúigh OK. Nuair a iarrtar é, roghnaigh [Is ea] ansin brúigh OK.
Glao ar fón Le Skype, is féidir glaoch ar línte talún agus ar fhóin phóca. Nóta: Ní féidir glao éigeandála a dhéanamh le Skype. Ní féidir le Skype áit do theileafóin a ghabháil agus ní féidir glaonna éigeandála a dhéanamh leis. Sular féidir leat glao a dhéanamh, ní mór Creidmheas Skype a cheannach nó síntiús Skype a cheannach ar do ríomhaire. Gheofar tuilleadh eolais ar Do theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid > Úsáid Skype > Socruithe Skype. (Lch 32) 1.
Socruithe Skype Creidmheas Skype Le Creidmheas Skype, is féidir glaoch ar línte talún nó ar fhóin phóca ó do theilifíseán. Chun Creidmheas Skype a cheannach, ní mór duit logáil isteach i do chuntas Skype ar do ríomhaire. Feicfidh tú an méid Creidmheasa Skype a cheannaigh tú nuair a logálann tú isteach i do chuntas Skype ó do theilifíseán. Sínigh isteach sa ghnáthchúrsa 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Socruithe], ansin brúigh OK. 2.
Socrú pictiúr le haghaidh cluichí Is féidir an taispeáint teilifíse a bharrfheabhsú le haghaidh cluichíochta gan moill ar an bpictiúr. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Pictiúr], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Cluiche nó ríomhaire] > [Cluiche]. Fuaim réamhshocraithe do chluichí Is féidir éifeachtaí fuaime a bharrfheabhsú le haghaidh cluichíochta. 1. Brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl fuaime] > [Cluiche], ansin brúigh OK.
Cuardaigh Is féidir focal nó uimhir atá ar an leathanach reatha teilithéacs a chuardach. 1. Agus tú ag féachaint ar theilithéacs, brúigh OK chun an chéad fhocal nó an chéad uimhir a aibhsiú. 2. Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun dul go dtí an focal nó an uimhir atá á chuardach. 3. Brúigh OK chun an cuardach a thosú. 4. Chun an cuardach a chríochnú, brúigh go dtí nach mbíonn aon fhocal ná aon uimhir aibhsithe.
3. Roghnaigh tréimhse an amadóra codlata. Is féidir an t-amadóir codlata a shocrú ar feadh tréimhse 180 nóiméad ar a mhéad. Chun an t-amadóir codlata a mhúchadh, socraigh é ag nialas nóiméad. 4. Brúigh OK chun an t-amadóir codlata a ghníomhachtú. Téann an teilifíseán ar fuireachas ag deireadh na tréimhse sonraithe. Glas linbh 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe cainéil] nó [Socruithe satailíte]. 3. Roghnaigh [Glas linbh] > [Rátáil tuismitheora].
4 Athraigh do shocruithe teilifíse Pictiúr agus fuaim Cúntóir socruithe Is féidir socruithe pictiúir agus fuaime a roghnú le cabhair an chúntóra socruithe, a léiríonn láithreach éifeacht an tsocraithe atá roghnaithe agat. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Mearshocruithe pictiúir agus fuaime], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Lean ar aghaidh], ansin brúigh OK. 4. Lean na treoracha ar an scáileán chun do shocruithe a roghnú.
[Formáid agus ciumhaiseanna]: Téigh chuig ardsocruithe chun formáid taispeána an phictiúir a rialú. - [Formáid phictiúir]: Athraigh formáid pictiúir. - [Ciumhaiseanna an scáileáin]: Athraigh méid an phictiúir. - [Athrú pictiúir]: Má tá sé ar fáil, athraigh suíomh an phictiúir. Tuilleadh socruithe fuaime Is féidir na socruithe sa roghchlár Fuaim a athrú. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Fuaim], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh socrú le hathrú, ansin brúigh OK.
Athshocraigh pictiúr agus fuaim Suiteáil cainéil analógacha Is féidir leat réamhshocruithe pictiúir agus fuaime a athchuir, agus socruithe suiteála an chainéil a choimeád mar a bhí siad. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Socruithe monarchan], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Athshocraigh], ansin brúigh OK. Is féidir cainéil analógacha teilifíse a chuardach agus a stóráil ina gceann agus ina gceann.
Mioncheartaigh cainéil analógacha Mura bhfuil glacadh an chainéil teilifíse analógaí go maith, is féidir an cainéil teilifíse a mhioncheartú. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe cainéil] > [Suiteáil cainéil]. 3. Roghnaigh [Analógach: Suiteáil láimhe] > [Mioncheartaigh], ansin brúigh OK. 4. Brúigh nó chun an cainéal a mhioncheartú. 5. Tar éis an mhinicíocht cheart a roghnú, roghnaigh [Déanta], ansin brúigh OK. 6. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK.
Céim 1: Seiceáil an socrú tíre 1. Cuir an chéad teilifíseán ann (leis na cainéil is mian leat a chóipeáil go dtí an dara teilifíseán). 2. Brúigh . 3. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardaigh cainéal] > [Athshuiteáil cainéal], ansin brúigh OK. Taispeántar roghchlár na dtíortha. 4. Déan nóta den socrú reatha. 5. Brúigh . 6. Brúigh [Cealaigh] chun é a fhágáil. Céim 2: Cóipeáil an liosta cainéal go USB 1. Ceangail gléas stórála USB leis an gcéad teilifíseán (agus na cainéil suiteáilte air). 2. Brúigh . 3.
Athshuiteáil satailítí 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardach satailíte] > [Athshuiteáil satailítí]. 3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an tsuiteáil a chríochnú. 4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Críochnaigh], ansin brúigh OK. Roghnaigh cineál an naisc Agus cainéil satailíte á suiteáil agat, ní mór duit cineál an naisc a shocrú. Cinneann líon na LNBanna ar aeróg do mhéise líon na gcainéal satailíte is féidir leat a shuiteáil. 1.
Teanga fuaime Teanga fotheidil Má chraolann an teilifís teangacha iolracha nó teangacha fuaime déacha, is féidir do theanga fuaime a roghnú. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. Nuair a bhíonn sé ar fáil, is féidir teanga na bhfotheideal a athrú le haghaidh cainéal digiteach. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Teanga na bhfotheideal], ansin roghnaigh as na teangacha atá ar fáil agus brúigh OK. Athraítear teanga na bhfotheideal ar chainéal ar leith. 2.
Chun bheith cinnte go bhfuil teanga fuaime ar fáil don lucht lagéisteachta, brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Teanga fuaime]. Taispeántar íocón i bhfoirm chluaise le hais teangacha a thacaíonn le fuaim don lucht lagéisteachta. Cuir an fhuaim don lucht lagéisteachta ann 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Rochtain uilíoch] > [Lucht lagéisteachta]. 3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK. [As]: Múch gnéithe don lucht lagéisteachta.
Mód baile D'fhéadfadh sé nach mbeadh socruithe áirithe teilifíse ar fáil i Mód siopa. Chun bheith cinnte go gcuirtear na socruithe cearta teilifíse i bhfeidhm, socraigh an teilifíseán ag mód Baile. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Suíomh]. 4. Roghnaigh [Baile] nó [Siopa], ansin brúigh OK. 5. Atosaigh an teilifíseán. Nuashonraigh na bogearraí Seiceáil an leagan 1. Brúigh . 2.
Nuair a bheidh an nuashonrú críochnaithe, téann an teilifís ar fuireachas agus tagann sé ann arís as a stuaim féin. Fan ar an teilifís teacht ann arís. Ná cuir an teilifís ann tú féin. Nóta: Má tá an teilifís ceangailte den Idirlíon, taispeánann an teilifís ag an tosú na bogearraí nua atá ar fáil. Ó am go chéile, d'fhéadfadh Philips uasghrádú ar bhogearraí a bhrú ort ar an Idirlíon. Lean na treoracha ar an scáileán chun na bogearraí teilifíse a thabhairt chun dáta.
5 Ceangail do theilifíseán Mar gheall ar cháblaí Y Pb Pr Ní chraolann físeán comhpháirte (Y Pb Pr) ach físeanna amháin. Ní mór ceangal de Fuaim Clé/Deas chun fuaim a fháil. Is féidir leis an nascóir Y Pb Pr comharthaí teilifíse ardghléine a láimhsiú. Meaitseáil dathanna an nascóra Y Pb Pr le plocóidí na gcáblaí. Cáilíocht na gcáblaí Sula gceanglaíonn tú gléasanna den teilifís, féach cad iad na nascóirí atá ar fáil ar an ngléas. Ceangail an gléas den teilifís leis an nascóir is fearr dá bhfuil ar fáil.
Gaeilge Ceangail an aeróg Ceangail an aeróg den teilifís. Nasc gléasanna Seinnteoir diosca Blu-ray nó DVD Ceangail an seinnteoir diosca den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an seinnteoir diosca den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Glacadóir teilifíse Ceangail an satailít* nó an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla aeróige. *Le haghaidh múnlaí áirithe amháin. Ceangail an satailít nó an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Gaeilge Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla SCART. Fístaifeadán Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla aeróige. Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla HDMI.
Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla SCART. Consól cluichí Ceangail an consól cluichí den teilifís le cábla HDMI.
Gaeilge Ceangail an consól cluichí den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Córas amharclainne baile Ceangail amharclann bhaile HDMI-ARC-chomhlíontach den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla HDMI agus cábla fuaime comhaiseach.
Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla SCART. Ceamara digiteach Ceangail an ceamara digiteach den teilifís le cábla USB.
Ceamthaifeadán digiteach Gaeilge Ceangail an ceamthaifeadán digiteach den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an ceamthaifeadán digiteach den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Ceangail gléasanna eile Gléas stórála USB Ceangail an tiomántán crua USB den teilifís le cábla USB. Ríomhaire Ceangail an ríomhaire den teilifís le cábla HDMI. GA 54 Ceangail an mhearóg USB den teilifís le cábla USB.
Gaeilge Ceangail an ríomhaire den teilifís le cábla DVI-HDMI agus cábla fuaime. Ceamara físghlao Ceangail an físcheamara teilifíse Philips - PTA317 (a dhíoltar mar mhír ar leith) den teilifís le cábla USB. Méarchlár agus luchóg Méarchlár USB Is féidir méarchlár USB a cheangal chun téacs ar nós ainmhithe gléasanna a chur isteach ar an teilifís nó téacs le haghaidh feidhmchlár SMART TV.
Ceangail an méarchlár agus an luchóg den teilifíseán le cábla USB. Nuair a bhraitheann an teilifíseán an méarchlár, is féidir leat leagan amach an mhéarchláir a roghnú agus do rogha a thástáil. Má roghnaigh tú méarchlár Coireallach nó méarchlár Gréigise, is féidir leat leagan amach méarchláir tánaisteach Laidine a roghnú, leis. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Socruithe méarchláir USB]. 3. Athraigh na socruithe méarchláir.
Má chuireann tú gléas leis, nó má bhaineann tú ceann, nuashonraigh an liosta foinsí. 1. Brúigh SOURCE. 2. Brúigh OPTIONS. 3. Roghnaigh [Scan ceangail], ansin brúigh OK. 4. Lean na treoracha ar an scáileán. Athraigh socruithe Athraigh cineál an ghléis Is féidir cineál an ghléis a athrú chun bheith in ann teacht air go furasta ón roghchlár Foinse. 1. Brúigh SOURCE. 2. Roghnaigh an gléas, ansin brúigh [Cineál an ghléis]. 3. Roghnaigh cineál oiriúnach gléis, ansin brúigh OK.
An méid a bheidh uait Ceangail gléas HDMI-CEC-chomhlíontach den teilifíseán. Is féidir breis is gléas amháin HDMI-CEC a cheangal. Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail gléasanna (Lch 47). Cumraigh gach gléas HDMI-CEC-chomhlíontach i gceart. Cuir EasyLink air. Cuir EasyLink air 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [EasyLink]. 3. Roghnaigh [EasyLink] > [Ann], ansin brúigh OK.
[EasyLink]: Múch callairí teilifíse, agus sruthaigh fuaim na teilifíse go gléas fuaime HDMI-CEC ceangailte. [Uath-thosaigh EasyLink]: Nuair a cheanglaítear gléas fuaime HDMI-CEC, déan callairí teilifíse a mhúchadh sa ghnáthchúrsa agus fuaim na teilifíse a shruthú go dtí an gléas. Athraigh sruthú fhuaim na teilifíse Is féidir an fhuaim a athrú uair ar bith idir callairí teilifíse agus amplitheoir ceangailte. 1. Brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Callairí]. 3.
Chun do theilifíseán a cheangal de ríomhaire, beidh ort freastalaí meán a shuiteáil agus a chumrú ar do ríomhaire. Féach Úsáid do theilifíseán > Seinn comhaid ilmheáin (Lch 19). Chun do theilifíseán a cheangal den Idirlíon, beidh ceangal ardluais leis an Idirlíon uait, leis. Ceangail Is féidir an teilifíseán seo a cheangal de do líonra baile trí cheangal sreangtha nó trí cheangal gan sreang.
Má tá gléasanna WEP (Príobháid Chomhionann Sreangtha) ag teastáil fós i do líonra, suiteáil é le [Scan] > [Saincheap]. Scan le haghaidh ródairí Má tá níos mó ná ródaire amháin i do líonra, roghnaigh an ceann atá uait. 1. Chun ródaire ar leith i líonra a roghnú, brúigh [Scan] ar an gcéad leathanach den tsuiteáil. Is iad na chéad ródairí a thaispeántar ar an liosta ar an scáileán na ródairí a bhfuil WPS acu agus an comhartha is láidre. 2. Roghnaigh an ródaire atá uait, ansin brúigh OK.
Ceangal CAM (Modúl Rochtana Teagmhasaigh) An méid is féidir leat a dhéanamh Is féidir féachaint ar chainéil scrofa teilifíse digití le Modúl Rochtana Teagmhasaigh (CAM). Is féidir féachaint ar na cláir tar éis an CAM a chur isteach agus na táillí síntiúis a íoc. Tacaíonn an teilifís seo le CI (Comhéadan Coitianta) agus le CI+. Tacaíonn CI+ le cláir príomhúla digiteacha HD a bhfuil ardleibhéal cosanta cóipeála acu.
Fadhbanna ginearálta Ní féidir an teilifíseán a chur ann: Dícheangal an cábla cumhachta den asraon cumhachta. Fan nóiméad amháin sula n-athcheanglaíonn tú é. Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta ceangailte go daingean. Agus an teilifíseán á chur ann agat, nó á mhúchadh nó á chur ar fuireachas, cloiseann tú fuaim dhíoscach ó fhonnadh an teilifíseáin: Ní gá rud ar bith a dhéanamh. Toradh is ea an torann díoscach ar ghnáthleathnú agus gnáthchrapadh an teilifíseáin de réir mar a éiríonn sé te agus fuar.
Fadhbanna cainéil Teastaíonn uait cainéil teilifíse a shuiteáil: Féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Suiteáil uathoibríoch (Lch 38) chun treoracha a fháil ar conas cainéil analógacha nó digiteacha a shuiteáil. Más mian leat cainéil teilifíse satailíte a shuiteáil, féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe satailíte (Lch 40).
Tá pictiúr ann ach níl aon fhuaim ag teacht ón teilifíseán: Mura mbraitear comhartha fuaime, múchann an teilifíseán an t-aschur fuaime as a stuaim féin — ní chiallaíonn sin go bhfuil mífheidhm ann. Bí cinnte go bhfuil gach cábla ceangailte i gceart. Bí cinnte nach bhfuil an fhuaim balbhaithe nó socraithe ag nialas. Bí cinnte gur roghnaíodh socrú na gcallairí teilifíse. Brúigh OPTIONS, roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Callairí], agus ansin roghnaigh [Teilifís].
Fadhbanna líonra Déan teagmháil le Philips Teastaíonn uait ceangal gan sreang a chur idir do theilifíseán agus do líonra baile: Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de líonra agus den Idirlíon > Wi-Fi comhtháite (Lch 60) chun treoracha a fháil ar conas do theilifíseán a cheangal gan sreang de do líonra baile. Níl Smart TV ag obair: Seiceáil go bhfuil an ródaire ceangailte i gceart den teilifíseán, agus to bhfuil teacht oscailte ag an ródaire ar an Idirlíon.
Cumhacht agus glacadh D'fhéadfadh sonraíochtaí táirge athrú gan fógra a bheith tugtha. Cumhacht Príomhchumhacht: AC 220-240V (50-60Hz) Ídiú cumhachta fuireachais: < 0.3 W Teocht timpeallach: 5 go 40 céim Celsius Gheofar an t-ídiú cumhachta ar na sonraíochtaí táirge ag www.philips.com/support. Taispeánann an rátáil cumhachta atá tugtha ar chineálphláta an táirge an méid cumhachta a ídíonn an táirge seo le linn ghnáthúsáid teaghlaigh (IEC 62087 Ed.2).
Ilmheáin Nóta: Ní 'mór do chomhaid ilmheáin bheith faoi bhun 128 carachtar. Ceangail ilmheáin a dtacaítear leo USB: Ná ceangail ach na gléasanna USB sin a ídíonn 500mA cumhachta nó níos lú. - NTFS, FAT 16 (Inléite amháin) - FAT 32 Ethernet LAN RJ-45 Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo GA 68 Comhaid íomhá a dtacaítear leo JPEG: *.jpg, *.jpeg, *.mpo GIF (87a, 89a): *.gif PNG: *.png BMP: *.bmp, *.dib JPS: *.
Gaeilge Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime a dtacaítear leo GA 69
Formáidí fuaime a dtacaítear leo Formáidí fotheidil a dtacaítear leo Ionchódú carachtar Windows-1250 (CP-1250): Laidin Lár na hEorpa agus Oirthear na hEorpa (An tSeicis, an Ungáiris, an Pholainnis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Chróitis, an Rómáinis, an tSeirbis) Windows-1251 (CP-1251): Coireallach Windows-1252 (CP-1252): Laidin Iarthar na hEorpa Windows-1253 (CP-1253): Gréigis Windows-1254 (CP-1254): Tuircis UTF-8: Ionchódú carachtair ilbheart le haghaidh Unicode Bogearraí freastalaí meán
C 3 Cabhair, leagan 70 cabhair, ar scáileán 9 3D 16 cáblaí 46 3D, 2D go 3D 17 cainéil 13 3D, athraigh formáid 17 cainéil analógacha, fotheidil 42 cainéil analógacha, mioncheartaigh 39 3D, múch 17 cainéil analógacha, suiteáil 38 3D, tosaigh 17 cainéil dhigiteacha, fotheidil 42 cainéil dhigiteacha, suiteáil 38 3D, foláireamh sláinte 4 A cainéil roghnaithe, liosta 13 airde 12 cainéil, athainmnigh 13 amadóir codlata 34 cainéil, athraigh 13 Ambilight 18 cainéil, athsh
ceangail, diosca crua seachtrach 54 Eolaire teilifíse 15 ceangail, glacadóir teilifíse 48 EPG 15 ceangail, Idirlíon 59 EPG, craoltóir 15 ceangail, líonra baile 60 EPG, Idirlíon 16 ceangail, luchóg 55 ceangail, méarchlár 55 ceangail, ríomhaire 54 faigh ar cíos, físeán ar líne 23 ceangail, seinnteoir diosca 47 físcheamara Philips 55 49 físeán ar líne, faigh ar cíos 23 CI 62 físeán taispeána 43 cianrialú 10 foinse, nuashonraigh 57 clár freastalaí meán 19 foinse, roghnaig
8 L rochtain don lucht lagradhairc 43 rochtain uilíoch, an lucht lagéisteachta 43 rochtain uilíoch, an lucht lagradhairc 43 rochtain uilíoch, cumasaigh 42 LED fuireachais 10 líonra baile 59 líonra, ainm teilifíse 61 S líonra, ceangail 59 sábháilteacht Lipéad fuinnimh luchóg USB 9 55 M 3 satailít, cuir satailít leis nó bain satailít 41 satailít, socruithe 40 satailít, suiteáil cainéil 41 SCART 46 méarchlár USB 55 sceideal, taifeadtaí 27 mód baile 44 seinn, comhaid ríomha
socruithe tíosacha ar fhuinneamh treoir clár, craoltóir 15 socruithe, cluiche 33 treoir clár, Idirlíon 16 socruithe, formáid fuaime 37 treoir nascachta socruithe, fuaim 37 Treoir theilifíse, craoltóir 15 socruithe, líonra 61 Treoir theilifíse, Idirlíon 16 socruithe, pictiúr 36 solas tolglainne 18 sonraíochtaí cumhachta 67 uath-iomlaoid fotheideal 59 67 Uathmhúch, gléasanna 58 19 sonraíochtaí fuaime 8 U suíomh, leideanna 5 UBS, seinn comhaid suíomh, seastán nó balla 5 W
Maoin de chuid a n-úinéirí faoi seach is ea gach trádmharc cláraithe agus neamhchláraithe. D'fhéadfadh sonraíochtaí athrú gan fógra a bheith tugtha. Trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke Philips N.V. is ea Philips agus suaitheanta scéithe Philips, agu s úsáidtear iad faoi cheadúnas ó Koninklijke Philips N.V. 2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach ceart ar cosaint. www.philips.